M’fhís
Tá sé tábhachtach domsa go bhféadfadh daoine taisteal chun na hoibre go héasca nó bheith ag obair sa bhaile le leathanbhanda atá maith go leor; go bhféadfadh páistí siúl nó dul ag rothaíocht ar scoil agus bheith ag súgradh taobh amuigh; go mbraithfeadh ár gcomharsana aosta go bhfuil siad sábháilte agus go dtugtar aire dóibh ina bpobail féin.
Na rudaí a seasaim ar a son
Tá mé ag feachtasaíocht le fada an lá ar son tithíocht ardchaighdeáin, agus d’oibrigh mé le Catherine Martin TD ar rún maidir le caighdeáin foirgníochta agus cosaint tomhaltóirí a ritheadh sa Dáil i mí Iúil 2017 le tacaíocht cuid mhór páirtithe éagsúla.
Mo thosaíochtaí
-
- Tithíocht agus taitneamhachtaí ardchaighdeáin inacmhainne do gach aon duine, idir óg agus aosta.
- Na ceantair sléibhe, spásanna glasa agus áiteanna súgartha atá againn a fhorbairt agus a chosaint.
- Tacú le muintir agus gnóthaí na háite agus ceangal a chruthú eatartha le leathanbhanda agus naisc iompair iontaofa.
- Gníomhú aeráide go háitiúil – cabhrú le gach aon duine a chion féin a dhéanamh.
Mo thaithí
D’fhás mé aníos sa cheantar seo agus tá cónaí orm anseo anois le m’fhear céile agus ár dtriúr bpáistí óga. Oibrím mar abhcóide agus tá PhD á chríochnú agam i láthair na huaire maidir le réitigh dhlíthiúla ar fhabhtanna tithíochta.