Ár dtosaíochtaí
An teist atá orainn
Seo roinnt de na rudaí a d'éirigh linn a bhaint amach tríd an iliomad feachtas atá ar bun againn chun sochaí atá cóir, cothrom agus ilghnéitheach a chruthú.
- Saoire agus sochar máithreachais níos mó do mháithreacha babaithe a rugtar go réamhaibí.
- Páirteach san fheachtas chun an tOchtú Leasú a aisghairm.
- Chruthaíomar an próiseas a raibh sé mar thoradh air gur tugadh isteach cuótaí inscne do pháirtithe polaitíochta aimsir thoghcháin.
- Rinnemar deimhin de go raibh cearta páirtnéireachta lánúineacha aeracha agus leispiacha mar thosaíocht i gclár an rialtais, rud a thug isteach páirtnéireacht shibhialta, arbh chéim ríthábhachtach í i dtreo comhionann pósta.
- D'éirigh linn rún a rith sa Dáil inar moladh úsáid a bhaint as dhá láithreán phoiblí atá suite go lárnach chun 3,000 áit chónaithe inacmhainne a chur ar fáil don phobal i mBaile Átha Cliath.
- Thugamar isteach na chéad rialacha ar fhógraíocht dramhbhia atá dírithe ar pháistí.
An méid a bhfuilimid ag obair air i láthair na huaire
Ní mór réitigh éifeachtacha a chur i bhfeidhm go tapa chun deireadh a chur leis an ngéarchéim tithíochta atá ann faoi láthair. Tá ár rún maidir le cíos costais agus ár mBille um Chathracha Beo curtha faoi bhráid na Dála againn mar réitigh. Tacaigh lenár bhfeachtais le do thoil, ionas gur féidir reachtaíocht a rith mar gheall orthu.

Méara Dírthofa do Bhaile Átha Cliath
Cabhraigh linn troid ar son méara feidhmiúcháin nua a dhéanfadh maoirseacht ar bheartas poiblí na cathrach.

An Ghéarchéim Thithíochta: Cíos Costais
Tá gá againn le cur chuige atá go hiomlán difriúil le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta. Is cuid den réiteach é samhail um "chíos costais".

An Ghéarchéim Thithíochta: Ár mBille um Chathracha Beo
Tá géarchéim thithíochta agus easpa dídine ann, ach tá ár gcathracha agus ár mbailte lán de láithreáin thréigthe fholmha. Is mian leis an gComhaontas Glas beocht a chur inár gcathracha agus inár mbailte arís trí bheocht a chur sna láithreáin thréigthe seo arís.