An teist atá orainn
Seo roinnt de na rudaí a d'éirigh linn a bhaint amach agus muid ar thús cadhnaíochta i gcuid mhór feachtas chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint agus le tacú léi.
- D'éirigh linn rún cuimsitheach a rith sa Dáil inar iarradh go mbunófaí limistéir mhuirí faoi chosaint.
- D'éirigh linn méadú 5,000 heicteár a dhéanamh ar Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin ar mhaithe le gnáthóga fiadhúlra a chosaint agus taitneamhacht a chur ar fáil do thurasóirí.
- Rinneadh dúbailt ar thoilleadh fuinnimh inathnuaite na hÉireann taobh istigh de cheithre bliana faoinár stiúir, méadú nár sáraíodh ó shin.
- Chuireamar maoiniú ar fáil don chéad bhealach glas rothaíochta nua-aimseartha, Bealach Mór Glas an Iarthair i Maigh Eo, rud atá ina eiseamláir do na cinn eile atá á bhforbairt ó shin.
- Thugamar isteach na chéad phointí luchtaithe d'fheithiclí leictreacha chomh maith leis na chéad deontais le spreagadh a thabhairt do dhaoine feithicilí leictreacha a cheannach.
An méid a bhfuilimid ag obair air i láthair na huaire
Tá géarchéim chomhshaoil ann - tá sé mar bhunphrionsabal ag an gComhaontas Glas é a chosaint. Tá géarghá le do thacaíocht má táimid leis seo a bhaint amach.

Ár mBille um Fhuinneamh Pobail

Cosain ár bhFiadhúlra: Aisghair an tAcht Oidhreachta
Déanfaidh an tAcht Oidhreachta dóiteán dár gcomhshaol nádúrtha - táimid ag iarraidh é a stopadh.

Ár mBille um Laghdú Dramhaíola
Cabhraigh liom deireadh a chur le dramhaíl phlaisteach gan ghá ó chupáin agus gréithre indiúscartha trí thacú lenár mbille.