Ár dtosaíochtaí
An teist atá orainn
Seo roinnt samplaí de na nithe a d'éirigh linn a bhaint amach i gcuid mhór feachtais ghníomhaíochta dár gcuid chun geilleagar nua glas níos inbhuanaithe a chruthú.
- Chuireamar deontais iarfheistithe ar fáil do bhreis is 100,000 áit chónaithe, rud a laghdaigh méid na mbillí tí agus na n-astaíochtaí.
- Thugamar isteach an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre chun go bhfágfadh na mílte duine a gcarranna sa bhaile.
- Thugamar isteach an chéad chóras ticéid chliste d'iompar poiblí in Éirinn; díoladh breis is 2.5m cárta leap ó shin.
- Rinneamar an leasú ba mhór le fiche bliain anuas ar an reachtaíocht pleanála d'fhonn dul i ngleic le róchriosú talamh forbartha.
- Thugamar isteach cáin amhantair chun cur i gcoinne cnuasach talún agus chun spás a chur ar fáil do thithíocht.
Na rudaí a bhfuilimid ag obair orthu i láthair na huaire
Táimid ag obair ar roinnt feachtas ar mhaithe le geilleagar inbhuanaithe a chruthú a chuirfidh caighdeán maith maireachtála ar fáil do chách.

An Ghéarchéim Thithíochta: Cíos Costais
Tá gá againn le cur chuige atá go hiomlán difriúil le dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta. Is cuid den réiteach é samhail um "chíos costais".

Caighdeáin Foirgníochta a Fheabhsú
Samhlaigh dá mbeadh do choigilteas go léir caite agat ar theach, ach go bhfuair tú amach go raibh locht mór éigin air? Tá fadhb mhór leis nach bhféadfadh a bheith ar eolas agat nuair a cheannaigh tú é. Céard a dhéanfá?

Ár mBille um Laghdú Dramhaíola
Cabhraigh liom deireadh a chur le dramhaíl phlaisteach gan ghá ó chupáin agus gréithre indiúscartha trí thacú lenár mbille.